Skip to main content

Físeáin Dea-Chleachtais

  • TFC in úsáid sa Ghrafaic Theicniúil

    Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as TFC sa Ghrafaic Theicniúil. Pléann sí an úsáid a bhaineann sé as amharcléiritheoir chun físeáin a thaifeadadh dá rang. Is féidir leis na daltaí féachaint ar an bhfíseán ansin ar a gcaoithiúlacht sa bhaile. Míníonn sé go gcuireann sé seo níos mó ama ar fáil do chomhdhálacha agus don difreáil.

    Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Físeáin Digiteacha, Online Resources

  • TFC in úsáid san Eolaíocht

    Labhraíonn Múinteoir Eolaíochta faoin úsáid a bhaintear as TFC ina seomra ranga. B’éigean don rang tabhairt faoi thaighde i ngrúpaí. Cuireadh cóid QR (nasctha le físeáin) agus suíomhanna idirlín ar fáil dóibh. Rinne gach grúpa cur i láthair ansin ar PowerPoint, PicCollage nó MindMap. Míníonn sí conas mar a bhíonn a rang an-dírithe ar an obair nuair a bhaintear úsáid as TFC.

    Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration

  • TFC in úsáid le tacú leis an staidéar sa Staidéar Gnó

    Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as TFC mar uirlis staidéir ina rang Gnó. Thug an rang faoi thástálacha ar líne. Chruthaigh siad a gcuid tástálacha féin agus thug siad dúshlán a gcomhghleacaithe iad a chur i gcrích. Pléann sí an buntáiste a bhaineann le TFC ó thaobh na difreála de sa seomra ranga.

    Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Content Creation, Online Resources

  • Teicneolaíochtaí Digiteacha i mBunscoil Mount Anville

    Déanann Príomhoide scoile cur síos ar theicneolaíochtaí digiteacha a chur i bhfeidhm ar fud na scoile. Go háirithe, teacht ar FGL múinteora, cleachtadh a roinnt agus leas a bhaint as tacaíocht SFGM. Déanann sí cur síos chomh maith ar bhonneagar teicneolaíocht digiteach na scoile.

    Ceannaireacht agus Bainistíocht, Bunscoileanna

  • Tionscnamh Stop Motion i mBunscoil

    Déanann múinteoir rang 4 cur síos ar an gcaoi a úsáideann sé teicneolaíocht le haghaidh obair thionscadail. Úsáideann na páistí netbooks agus iPads le haghaidh taighde. Úsáidtear an aip Stop Motion le haghaidh beochana. Pleanáil, scriptiú, scannánú, obair ealaíne agus eagarthóireacht a bhí i gceist leis seo. Déantar na tionscadail a uaslódáil ansin ar Dropbox agus cuirtear iad i láthair ar an gclár bán idirghníomhach.

    Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Físeáin Digiteacha, Gaelcholaiste, Scéalaíocht Dhigiteach

  • Teicneolaíocht Dhigiteach i nGaelscoil Uí Fhiaich

    Déanann príomhoide cur síos ar na bealaí éagsúla a bhaineann a scoil úsáid as acmhainní digiteacha. Maidir le cumarsáid, baintear úsáid as Skype idir baill foirne. Maidir le múinteoireacht agus foghlaim, baineann seomra ranga na naíonán úsáid as an suíomh gréasáin www.Leighleat.com chun an clár fónaice a mhúineadh. Téann na ranganna níos sine i mbun ceachtanna códaithe agus aipeanna ar nós Stop Motion agus Kahoot.

    Ceannaireacht agus Bainistíocht, Bunscoileanna

  • Threads i mBunscoil

    Déanann Príomhoide scoile cur síos ar an gcaoi a úsáidtear acmhainní digiteacha i gceachtanna staire tríd na suíomhanna gréasáin Scoilnet agus Dúchas. Bíonn daltaí rannpháirteach go gníomhach le stair ina gceantar trí úsáid a bhaint as ‘Threads’ - suíomh gréasáin atá bunaithe ar thionscadail. Chun tuilleadh eolais a fháil, logáil isteach ar https://www.Scoilnet.ie/threads/.

    Ceannaireacht agus Bainistíocht, Bunscoileanna, Collaboration, Online Resources, Scéalaíocht Dhigiteach, Scoilnet

  • Uirlisí Measúnú Dhigiteacha i mBunscoil

    Déanann múinteoir rang 4 cur síos ar an gcaoi a úsáideann sí an cluiche tráth na gceist Kahoot chun foghlaim a mheasúnú sa Bhéarla, Ghaeilge agus Mhata. Úsáideann na páistí ríomhaire glúine chun ceisteanna agus freagraí a chur isteach. Glacann páistí páirt sa tráth na gceist seo le húsáid a bhaint as iPads. Cuireann sé seo sonraí úsáideacha ar fáil do mhúinteoirí faoin méid atá foghlamtha ag na páistí.

    Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Collaboration, Scoilnet

  • TFC in úsáid sa Stair

    Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as TFC mar uirlis thacaíochta ina seomra ranga Staire. Tá na daltaí ag pleanáil a gcuid físeán féin, i mbun taighde fúthu agus á gcruthú, agus taispeánann siad don rang ansin iad. Míníonn sí an úsáid a bhaineann sí as cártaí Minecraft agus MatchAttack ina cuid ranganna agus treoirlínte mar mhodh measúnaithe.

    Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Físeáin Digiteacha, Online Resources

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.