Míníonn Neal Megarity, Scoil Náisiúnta an Teampaill Ghil, Ráth Fearnáin, an tslí a dtéann an scoil i mbun cainte leis na Gardaí pobail áitiúla mar chuid dá gcuid oibre chun an chibearbhulaíocht a chosc agus a thuiscint.
In this video from our Leading Digital Learning series, Deirdre Redmond, Project Officer with Oide Technology in Education, Lorraine McCool, Dominican College, and Paul Byrne, St. Patrick’s Classical School, discuss the setup of digital infrastructure in post primary schools.
Pléann Siobhán Lynch an cur chuige a bhíonn aici agus an tSaoránacht Dhigiteach á múineadh aici agus an tslí a spreagann sí na daltaí le bheith páirteach sa chaint agus san fhoghlaim faoin tSaoránacht Dhigiteach. Labhraíonn sí faoi ambasadóirí na ndaltaí ina rang a chuaigh faoi oiliúint le Webwise agus faoin tslí a mbíonn siad ag roinnt a gcuid eolais agus ag tacú lena scoil.
De réir Deirdre Redmond, Oifigeach Tionscadail Bonneagair Dhigitigh le Teicneolaíocht san Oideachas PDST, is é an socrú bunúsach is coitianta ná ríomhaire, ríomhaire glúine nó táibléid an mhúinteora agus é nasctha le clár bán idirghníomhach nó le scáileán mór. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh socrú iontaofa leathanbhanda agus wifi.
Déanann Ken Molloy, Scoil Sinsir Náisiúnta Thalbóid, cur síos ar an úsáid a bhaineann sé as físeáin chun cabhrú le daltaí ceangal agus cumarsáid a dhéanamh le pobal na scoile.
Míníonn Dearbhla O'Sullivan, Scoil Mhuire sa Tulach Mhór, an úsáid a bhaineann sí as an teicneolaíocht dhigiteach le fáilte a chur roimh fhoghlaimeoirí EAL agus le tacú leo.
San fhíseán seo ónár sraith Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach, pléann múinteoirí agus saineolaithe iar-bhunscoile úsáid ardán ar líne i scoileanna.
Míníonn Dearbhla O'Sullivan, Scoil Mhuire sa Tulach Mhór, an úsáid a bhaineann sí as an réaltacht bhreisithe le Ciúbanna Cumaiscthe chun beocht a chur le hábhair sa seomra ranga.
Déanann Martin Moore, Scoil Sinsir Náisiúnta Thalbóid, cur síos ar an úsáid a bhaineann a rang féin as na hilmheáin chun tionscadail a chruthú bunaithe ar an aeráid agus ar an inbhuanaitheacht.
Clárú Na Nuachtlitreach
Sign-upTo subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.