Déanann múinteoir ranga cur síos ar an gcaoi a shocraigh sé scáileán glas chun físeán le tráchtaireacht a chruthú ina seomra ranga. Áirítear braillín ghlas ar crochadh sa seomra ranga agus táibléad leis an aip Green Screen le Do Ink leis na hacmhainní riachtanacha a úsáideadh: www.doink.com
Baineann múinteoir Naíonán Sóisearach úsáid as Scratch chun an mhúinteoireacht agus an fhoghlaim a thacú i suíomh ilghrád. Cuireann an múinteoir teagaisc stáisiúin san áireamh mar mhodh measúnaithe. Baintear úsáid as Scratch chomh maith le Stop Motion Animation mar mhodhanna measúnaithe. Éascaíonn na daltaí sinsearacha, i stáisiúin, an obair seo i measc na daltaí níos óige.
Míníonn múinteoir rang 6 an chaoi a úsáideann sé Google Classroom, Google Drive agus cáipéisí Google chun cur le ceachtanna scríbhneoireachta i suíomh ilghrád. Sábháiltear obair na ndaltaí, agus ríomhphunann mionsonraithe á cruthú is féidir a úsáid le haghaidh measúnaithe.
Déanann múinteoir rang 1 cur síos ar an gcaoi a úsáideann a rang acmhainní digiteacha sa OSIE le haghaidh obair thionscadail. Baineann daltaí úsáid as Book Creator le haghaidh scríbhneoireacht nós imeachta agus Scratch Jnr chun torthaí a dTurgnaimh eolaíochta a chódú. Baintear úsáid as TFC le haghaidh ábhar a chruthú sa seomra ranga agus is príomhuirlis measúnaithe é.
Déanann múinteoir ranga ilghrád cur síos ar an gcaoi a d’imeasc sí físeán digiteach i gceacht Gaeilge. Baineann na daltaí úsáid as beochan Stop Motion chun scéal a athinsint óna leabhar Gaeilge. Bhain an múinteoir úsáid as ceachtanna SFGM FÍS chun a múinteoireachta a thacú. Bhain daltaí úsáid as líníochtaí, pictiúir agus Lego chun an scéal a athchruthú.
Tugann príomhoide teagaisc achoimre ar an gcaoi a bhaineann sí úsáid as TFC chun múinteoireacht agus foghlaim a thacú ar an mbealach is fearr i scoil le múinteoir amháin. Tugann sí forléargas ar a pleanáil, polasaí Beir Leat do Ghléas Féin na scoile, chomh maith leis na bealaí a ligeann TFC di teacht a bheith aici ar an bhfoghlaim chomh maith leis an bhfoghlaim a imeascadh agus a idirdhealú.
Míníonn múinteoir ranga ilghrád an chaoi a úsáideann sí Scratch chun an mhúinteoireacht agus an fhoghlaim a thacú ó leibhéil Shóisearacha go Shinsearacha. Aistríonn a daltaí sinsearacha nodaireacht ceoil isteach i gcód Scratch chun amhráin a sheinm sa bhogearraí. Tacaíonn an tasc seo le hidirdhealú, mar tá gach dalta in ann a bheith ag obair ar a leibhéal féin.
Déanann múinteoir rang 3 agus 4 cur síos ar úsáid a bhaint as táibléid i gceacht Chorp Oideachais, dírithe ar Dhamhsa. Baineann na daltaí úsáid as aip darbh ainm Sworkit le haghaidh a réamhaclaíocht. Baineann siad úsáid as an bhfeidhm físeáin ar an táibléad chun féinmheasúnú agus piarmheasúnú a dhéanamh ar SBG (Scileanna Bunghluaiseachta).
Déanann múinteoir rang 5 cur síos ar an gcaoi a úsáideann sí an leagan Gaeilge do Worldbook Online lena rang chun tionscadal staire a dhéanamh. Tá Worldbook Online ar fáil tríd an suíomh gréasáin Scoilnet agus d’fhéadfadh é a aistriú go Gaeilge (Roghnaigh an cnap cc i mbarra seinm an fhíseáin le haghaidh fotheideal Gaeilge).
Clárú Na Nuachtlitreach
Sign-upTo subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.