Skip to main content

Punanna Digiteacha um Measúnú Foirmitheach ag ETSS Chill Mhantáin

Achoimre ar an bhFíseán

Déanann múinteoirí i Meánscoil Ag Foghlaim Le Chéile Chill Mhantáin cur síos ar an gcaoi ar chomhtháthaigh siad an tionscadal Phunann Digiteach um Measúnú Foirmitheach (FADP) ina scoil.

Cur Síos

Pléann múinteoirí a n-eispéireas ag baint úsáide as an tionscadal FADP i Meánscoil Ag Foghlaim Le Chéile Chill Mhantáin. Déanann siad cur síos ar na céimeanna forfheidhmithe agus ar an gcaoi a ndearna siad é a chomhtháthú leis an ualach oibre laethúil sa scoil. Bhí pleanáil agus aiseolas ag leibhéal na scoile uile ríthábhachtach do rath an tionscadail. Luaigh múinteoirí na buntáistí a bhaineann le hobair a chur isteach ar ardán a oibríonn don scoláire agus an cumas aiseolas a thabhairt chomh maith leis an gcaoi ar shaibhrigh an tionscadal scileanna litearthachta digiteacha na scoláirí.

 

Cúrsaí a d’fhéadfadh bheith ina n-ábhair spéise duit

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne le teacht ar chúrsaí bainteach leis an ábhar seo.

Físeáin teagaisc

Taispeánfaidh na físeáin ghearra teagaisc seo a leanas duit conas aipeanna a úsáid atá le feiceáil san fhíseán:

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (1 Torthaí an Fhoghlaimeora)

●     1.4 Baineann na scoláirí na torthaí foghlama sonraithe amach do gach ábhar, cúrsa agus clár

Baineann scoláirí úsaid as fianaise a bhailítear trí raon modhanna lena n-áirítear teicneolaíochtaí digiteacha chun dul chun cinn a thaifeadadh agus réimsí a aithint maidir le feabhas, agus bíonn deiseanna acu aghaidh a thabhairt orthu siúd lena múinteoir.

Baineann scoláirí agus/nó tuismitheoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha chun teacht ar thorthaí na measúnachtaí foirmitheacha, suimitheacha, féinmheasúnaithe agus piarmheasúnaithe, agus chun iad a mheas agus a léirmhíniú.

Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)

●     2.2 Fásann scoláirí mar fhoghlaimeoirí trí idirghníomhaíochtaí agus eispéiris mheasúla atá dúshlánach agus tacúil

Bíonn idirghníomhaíochtaí digiteacha i measc scoláirí agus idir scoláirí agus múinteoirí measúil, dúshlánach, agus tacaíonn siad le folláine na scoláirí go léir.

Baineann scoláirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha chun eolas a chur in iúl go measúil, chun comhoibriú agus chun eolas a chomhchruthú trí rannpháirtíocht ghníomhach i ndioscúrsa poiblí cuí agus i rannpháirtíocht shibhialta.

 

Téigh chuig Pleanáil FD chun breis eolais a fháil faoin na réimsí eile den CFD a chíortar san fhíseán seo, agus mar chabhair duit do chuid foghlama digití féin a phleanáil sa seomra ranga.

, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Content Creation, Online Resources, Planning/Digital Learning Framework, Punanna Digiteacha, Scéalaíocht Dhigiteach

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.