Scoilnet Maps in úsáid i Rang Tíreolaíochta iar-bhunscoile
Forbhreathnú ar Fhíseán
Míníonn Múinteoir Tíreolaíochta an úsáid a bhaintear as Scoilnet Maps agus an tairbhe a bhaineann leis. Pléann sé conas mar a mheallann an acmhainn aird a ranga trí ligean dóibh léarscáileanna de cheantair áitiúla a fhiosrú. Baineann siad úsáid as uirlis dhaonáirimh chun sonraí a bhailiú le cur i láthair faoi cheisteanna éagsúla áitiúla. Míníonn sé na gnéithe éagsúla atá ar fáil.
Cur Síos
Míníonn múinteoir tíreolaíochta an chaoi a n-úsáideann siad mapaí Scoilnet i dteannta a ngrúpa sa 5ú bliain. Oibríonn na scoláirí i ngrúpaí agus díríonn siad ar ghnéithe éagsúla den mhapa. Díríonn grúpa amháin ar eolas an Daonáirimh ar an suíomh gréasáin agus úsáideann siad an t-eolas chun barrachairteacha a chruthú. Déanann grúpa eile iniúchadh ar thíreolaíocht áitiúil agus díríonn siad ar thuile i gCorcaigh. Dar leis na scoláirí go bhfuil na gníomhaíochtaí seo spreagúil agus tairbheach.
Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu
Developing a Digital Learning Plan for your School – Short Version
Físeáin Teagaisc
An Creat Foghlama Digití
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):
Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)
- 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)
- 2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche
Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.