Scratch le haghaidh Teanga
Forbhreathnú ar Fhíseán
Baineann múinteoir Naíonán Sóisearach úsáid as Scratch chun an mhúinteoireacht agus an fhoghlaim a thacú i suíomh ilghrád. Cuireann an múinteoir teagaisc stáisiúin san áireamh mar mhodh measúnaithe. Baintear úsáid as Scratch chomh maith le Stop Motion Animation mar mhodhanna measúnaithe. Éascaíonn na daltaí sinsearacha, i stáisiúin, an obair seo i measc na daltaí níos óige.
Cur Síos
Taispeánann múinteoir ranga an chaoi a n-úsáideann siad Scratch agus Stop Motion chun tacú le teagasc agus foghlaim i suíomh ilghráid. Déantar iniúchadh ar an leabhar ‘The Rainbow Fish’ thar thréimhse dhá sheachtain, socraíonn an múinteoir trí stáisiún ach úsáid a bhaint as iPads ina n-úsáideann na scoláirí códú Scratch agus Beochan Stop Motion. Déanann na scoláirí sinsearacha éascaíocht ar an obair seo sna stáisiúin i measc na scoláirí níos óige. Úsáidtear piarmheasúnú agus féinmheasúnú sa cheacht seo.
Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu
Coding and Computational Thinking Using Scratch (Primary)
An Creat Foghlama Digití
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):
Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)
- 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
- 1.3 Léiríonn daltaí an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint atá riachtanach de réir churaclam na bunscoile.
Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)
- 3.1 Tá an t-eolas ar an ábhar, an t-eolas oideolaíoch agus na scileanna bainistíochta ranga is gá ag an múinteoir
- Úsáideann múinteoirí réimse teicneolaíochtaí digiteacha chun gníomhaíochtaí foghlama agus measúnaithe a dhearadh dá ndaltaí.
- Déanann múinteoirí eispéiris foghlama a dhearadh nó a chur in oiriúint ina gcuimsítear teicneolaíochtaí digiteacha agus ina mbíonn na gníomhaíochtaí foghlama idir ábhartha agus bhríoch chun tacú le foghlaim na ndaltaí.
- Nuair a bhaineann múinteoirí úsáid as gníomhaíochtaí foghlama digití, déanann siad measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin agus déanann siad athbhreithniú ar a gcuid straitéisí teagaisc dá réir sin.
Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.