Spásanna Foghlama Digití i Meánscoil Le Chéile
Forbhreathnú ar Fhíseán
Agallamh le Príomhoide faoin tábhacht a bhaineann le húsáid chruthaitheach a bhaint as spás ar scoil. Pléann sí an úsáid atá á baint acu as cur chuige nuálach i dtaca le spásanna foghlama. Tá soghluaisteacht ag baint lena gcuid foghlama trí tháibléid a bheith in úsáid ag na daltaí agus na baill foirne ar fad, a spreagann daoine le húsáid a bhaint as spás uile na scoile, laistigh agus lasmuigh.
Cur Síos
Déanann an príomhoide plé ar an scoil nua agus ar an gcaoi a bhfuil réimse leathan áiteanna foghlama acu. Níl aon iallach ar na múinteoirí fanacht in aon seomra ná in aon spás amháin agus moltar dóibh bogadh timpeall na scoile agus múineadh i suíomhanna éagsúla. Úsáideann na scoláirí agus na múinteoirí iPads ionas go bhfuiltear in ann bogadh timpeall mar seo. Tá cláir ag tosach agus ag bun na seomraí ranga ionas go mbeidh an ghluaiseacht sreabhach. Tá an scoil ag foghlaim faoi Áiteanna Nuálaíochta Foghlama ó scoil san Astráil, agus tá an scoil ag foghlaim faoi David Thornberg agus faoina 4 áit foghlama – Campfire, Wateringhole, Cave agus Apply. Glacann na scoláirí páirt i Blue Skies Mondays ina bhfuil 20 ceardlann ar fáil dóibh le roghnú. Úsáideann siad iPads chun a n-ainmneacha a chur síos agus chun a gcuid torthaí a chur ar taispeáint ag deireadh na tréimhse 6 seachtaine.
Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu
Using Video to Enhance and Create Resources (Post Primary)
Físeáin Teagaisc
An Creat Foghlama Digití
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):
Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)
- 3.3 Roghnaíonn agus úsáideann an múinteoir cleachtas pleanála, ullmhúcháin agus measúnaithe a dhéanann forbairt ar fhoghlaim na ndaltaí.
Teagasc agus Foghlaim (4. Cleachtas Comhoibríoch Múinteoirí)
- 4.2 Bíonn múinteoirí ag obair le chéile chun deiseanna foghlama a cheapadh do dhaltaí ar fud an churaclaim agus thairis sin
Bíonn múinteoirí páirteach i bpobail ghairmiúla ar líne chun cabhrú leo deiseanna foghlama a dhearadh do dhaltaí ar fud an churaclaim agus thairis sin.
Úsáideann múinteoirí teicneolaíochtaí digiteacha chun comhoibriú le gníomhaireachtaí seachtracha agus le pearsanra seachtrach d’fhonn eispéiris foghlama bhríocha a éascú do na daltaí.
Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.