Skip to main content

Táibléid a Úsáid le tacú le foghlaim teangacha (Fraincis)

Achoimre ar an bhFíseán 

Míníonn múinteoir Fraincise na buntáistí a bhaineann le táibléid ina cuid múinteoireachta. Pléann sí an úsáid a bhaintear as Kahoot agus Educanon mar mhodh measúnachta. Tá an rang ag súil le dul i ngleic leis na huirlisí seo. Pléann sí an aip Dice Lite san obair ghrúpa chomh maith. Is féidir úsáid a bhaint as na haipeanna seo ar bhonn aonair nó i ngrúpaí.

Cur Síos

Ghlac daltaí páirt ina gceacht Fraincise, ag baint úsáide as teicneolaíocht chun dul siar ar stór focal agus struchtúr abairtí. Ghlac daltaí páirt i dtráth na gceist ag baint úsáide as an aip Kahoot. Roghnaigh an múinteoir an aip seo don mheasúnú toisc go dtugann sé sonraí ar an láthair, chomh maith le rogha chun na sonraí staidrimh a phriontáil. Bhain daltaí úsáid as EduCanon chomh maith chun féachaint ar fhíseáin agus chun ceisteanna a fhreagairt ar a n-ábhar foghlama. Bhain daltaí úsáid as an aip Dice Lite chun oibriú lena bpiaraí le struchtúr abairte ceart a chruthú le linn ceachtanna Fraincise. Roghnaíonn an múinteoir na haipeanna is oiriúnaí do cheachtanna atá oiriúnach d’ábhar an cheachta. Bíonn an múinteoir ar bís le go n-úsáidfear teicneolaíocht sna ceachtanna, ag baint trialach as aipeanna nua agus bealaí foghlama a bhaineann úsáid as TFC.

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu 

Aiseolas Measúnaithe agus Teicneolaíochtaí Digiteacha (Iar-bhunscoileanna).

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach 

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)

  • 2.2 Fásann daltaí mar fhoghlaimeoirí trí idirghníomhaíochtaí agus eispéiris mheasúla atá dúshlánach agus tacúil.

Bíonn idirghníomhaíochtaí digiteacha, idir daltaí agus idir daltaí agus múinteoirí, measúil agus dearfach, agus fabhrach don fholláine.

Teagasc & Foghlaim (3. Cleachtas Ar Leith na Múinteoirí

  • 3.1 Tá an t-eolas riachtanach ar an ábhar, eolas oideolaíoch agus scileanna bainistíochta seomra ranga ag an múinteoir.

Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Online Resources

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.