Táibléid don Tacaíocht Foghlama
Forbhreathnú ar Fhíseán
Déanann múinteoir rang 1 agus 2 cur síos ar na haipeanna éagsúla le haghaidh na múinteoireachta agus measúnaithe i suíomh tacaíochta foghlama. Roghnaigh an múinteoir an aip Tráth na gCeist ‘Kahoot’ chun foghlaim na ndaltaí a measúnú. Déanann daltaí taifeadadh ar íomhánna agus físeáin le húsáid a bhaint as an aip Explain Everything. Cruthaíonn siad ríomhleabhair ansin le húsáid a bhaint as Book Creator.
Cur Síos
Déanann múinteoir ranga cur síos ach úsáid a bhaint as aipeanna éagsúla le haghaidh teagaisc agus measúnachta i suíomh tacaíochta foghlama. Oibríonn na scoláirí i ngrúpaí beaga ar thasc atá sannta go hindibhidiúil. Roghnaigh an múinteoir an aip Quiz Kahoot chun measúnú a dhéanamh ar fhoghlaim na scoláirí. Chomh maith leis sin, déanann na scoláirí taifead ar ghrianghraif agus ar fhíseáin ach úsáid a bhaint as an aip Explain Everything. Cruthaíonn na scoláirí ríomhleabhair ach úsáid a bhaint as Book Creator.
Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu
Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.
Físeáin Teagaisc
An Creat Foghlama Digití
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):
Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)
- 1.4 Baineann daltaí amach na cuspóirí foghlama sonraithe don téarma agus don bhliain
- Tugtar aiseolas pearsanta agus tacaíocht idirdhealaitheach do dhaltaí bunaithe ar fhianaise a bhailítear le raon modhanna lena n-áirítear teicneolaíochtaí digiteacha.
- Baineann daltaí agus/nó tuismitheoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha chun rochtain a fháil ar fheidhmíocht na bhfoghlaimeoirí ar bhealach sábháilte eiticiúil.
Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.