Skip to main content

Táibléid i Scoil Shóisearach

Achoimre ar an bhFíseán

Míníonn príomhoide scoile an chaoi a úsáideann a scoil táibléid le haghaidh na litearthachta agus na huimhearthachta. Déanann sí cur síos chomh maith ar fheidhmiú TFC sa scoil, ag tosú le múinteoirí atá níos compordaí le TFC a úsáid. Baineann múinteoirí úsáid as roinnt mhaith aipeanna, ar mhórán inneachair agus gan inneachar m.sh. Explain Everything.

Cur Síos

Tá daltaí i scoil shóisearach tar éis feabhas a chur ar a gcuid ceachtanna litearthachta trí úsáid a bhaint as TFC agus an aip ‘Explain Everything’. Oibríonn ranganna naíonáin i mbeirteanna, ag cleachtadh fónaic trí aipeanna; chomh maith le féachaint ar léamhthuisceana agus focail amhairc le linn uair na litearthachta. Rinne páistí i rang a haon físchomhad, ag taifeadadh píosa fúthu féin agus ag déanamh taifeadadh fuaime ar an gcur síos ar ‘Mé Féin’. Baineadh úsáid as an Model Group sa scoil seo, le táibléid á n-úsáid mar ghníomhaíocht ghrúpa, ag baint úsáide as stáisiúin. Bhí comhoibriú múinteoirí tábhachtach sa phróiseas seo, ag roinnt dea-chleachtas, smaointe agus aipeanna nua a fuarthas. Thug rang níos sine tacaíocht do ranganna níos óige chomh maith.

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu

Podchraoltaí a Chruthú do Churaclam Teanga na Bunscoile

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (1. Torthaí Foghlama)

  • 3 Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha ar bhealaí an-éifeachtach chun a gcuid eolas, scileanna agus tuiscint a fhorbairt i gcomhréir le cuspóirí ábhair, torthaí foghlama, scileanna agus coincheapa Churaclam na Bunscoile.

Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)

  • 1 Glacann daltaí páirt d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí foghlama fónta
    Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun faisnéis a aimsiú agus a mhalartú

Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.

Ceannaireacht agus Bainistíocht, Bunscoileanna

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.