Cleachtas roinnte ag na múinteoirí agus ár bhfís do Ríomhphunanna
Achoimre ar an bhFíseán
Míníonn John Weir, ó Bhunscoil Pharóiste Mhuire, conas a oibríonn comhcheangal TFC ina scoil ina bhfuil 1100 dalta ann. Tá tralaí ríomhairí glúine ag an scoil le roinnt i measc na ranganna, le ríomhairí glúine breise scaipthe i measc na seomraí ranga agus CBI i ngach seomra ranga. Tá éiteas láidir ag an scoil, ag baint úsáid as Google Apps le roinnt idir múinteoirí agus chun ríomhphunanna a chruthú do dhaltaí. Ar an mbealach seo is féidir le múinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí breathnú ar a ndul chun cinn de réir mar a leanann an bhliain ar aghaidh. Éascaíonn ríomhphunanna piarmheasúnú agus measúnú na múinteoirí. Chun tacú le múinteoirí TFC a úsáid, cuireann an scoil oiliúint ar mhúinteoirí i ngrúpaí beaga agus i mbliana tá cúrsa samhraidh Oide um Theicneolaíocht san Oideachas á reáchtáil taobh istigh den scoil.
Cur Síos
Míníonn an príomhoide an úsáid a bhaineann a scoil as an teicneolaíocht. Tá clár bán idirghníomhach, rochtain ar tháibléid agus ródairí wifi sa bhreis ag gach seomra ranga chun cabhrú le nasc idirlín. Glacann an scoil cur chuige ón mbun aníos le haghaidh comhairle ina roinneann na múinteoirí an méid a theastaíonn uathu agus cad a d’úsáidfeadh siad. Baineann an fhoireann úsáid as Google docs chun beartais agus cáipéisí a chruthú, a roinnt agus comhoibriú lena chéile. Pléann an Príomhoide na buntáistí a bhaineann le Punanna Digiteacha a úsáid agus conas a nascann sé an baile leis an scoil.
Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu
Féach ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a bhaineann leis an ábhar seo a aimsiú.
Creat don Fhoghlaim Dhigiteach
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):
Teagasc & Foghlaim (1. Torthaí Foghlama)
- 1 Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun rannpháirtíocht ghníomhach, chruthaitheach agus chriticiúil a chothú chun torthaí foghlama dúshlánacha a bhaint amach.
Teagasc & Foghlaim (4. Cleachtas Comhoibríoch na Múinteoirí)
- 1 Tá meas ag múinteoirí ar an bhforbairt ghairmiúil agus ar an gcomhoibriú gairmiúil agus glacann siad páirt inti
Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.