Skip to main content

Teicneolaíocht Dhigiteach i gColáiste an Phiarsaigh

Achoimre ar an bhFíseán

Agallamh le Leas-Phríomhoide faoi chur i bhfeidhm na teicneolaíochta ar scoil i gcúrsaí teagaisc agus foghlama. D’fhorbair an scoil grúpa pleanála don teicneolaíocht ar scoil chun tacú le pleanáil chomhoibríoch na foirne. Labhraíonn sé faoin tslí a gcothaíonn sé seo comhoibriú le daltaí agus leis an bhfoireann. Pléann sé an úsáid a bhaintear as réimsí digiteacha san Idirbhliain.

Cur Síos

Pléann an leas-phríomhoide cur i bhfeidhm TFC sa scoil don teagasc agus don fhoghlaim. D’oibrigh grúpa múinteoirí le chéile úsáidí TFC sa scoil a mheas. Trí TFC a úsáid, is féidir scileanna a fhorbairt agus comhar le haghaidh foghlama. Tá WiFi ar fáil do gach múinteoir agus dalta le go mbeidh siad in ann úsáid rathúil a bhaint as an teicneolaíocht don fhoghlaim. Tháinig grúpa múinteoirí le chéile agus d’fhéach siad ar an suíomh ‘Surface Pro’ don fhoghlaim. Luann an leas-phríomhoide nach bhfuil gá le beartais láidre maidir le húsáid na nguthán agus na meán sóisialta, ach, níos mó ná sin, tá gá le beartas maidir le húsáid chuí an idirlín agus teicneolaíocht á húsáid le cuspóir na foghlama. Tá rochtain ag gach dalta ar ‘Office 365’ le húsáid mar chuid dá fhoghlaim agus dá dtascanna. D’éirigh go maith leis an úsáid a baineadh as punanna digiteacha san idirbhliain chun an teicneolaíocht a chur san áireamh in oideachas na ndaltaí. Roinneann an leas-phríomhoide go raibh sé tábhachtach do mhúinteoirí dul i mbun uasoiliúint i réimsí áirithe toisc, i gcásanna áirithe, go raibh níos mó taithí agus eolais ag na daltaí i scileanna teicneolaíochta ná mar a bhí ag na múinteoirí. Bhí rannpháirtíocht agus tuiscint na dtuismitheoirí tábhachtach don scoil, le cruthú chuntas Twitter na scoile chun tuismitheoirí a choinneáil ar an eolas faoi shaol na scoile.

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu

Plean don Fhoghlaim Dhigiteach a Fhorbairt do do Scoil – Leagan Gairid

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (1. Torthaí Foghlama)

  • 1 Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun rannpháirtíocht ghníomhach, chruthaitheach agus chriticiúil a chothú chun torthaí foghlama dúshlánacha a bhaint amach.
  • 4 Baineann daltaí na cuspóirí foghlama atá luaite amach don téarma agus don bhliain

Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.

Ceannaireacht agus Bainistíocht, Iar-bhunscoileanna

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.