Skip to main content

Teicneolaíochtaí Digiteacha a chomhordú i Scoil Chuimsitheach Naomh Clár

Teicneolaíochtaí Digiteacha a chomhordú i Scoil Chuimsitheach Naomh Clár

Achoimre ar an bhFíseán

Agallamh le comhordaitheoir Teicneolaíochta Digití faoi chur i bhfeidhm na teicneolaíochta ina gcuid scoileanna. Pléann an múinteoir na buntáistí a bhaineann le grúpa láidir um Straitéis Dhigiteach a chruthú chun cabhrú le comhtháthú na teicneolaíochta ina hiomláine. Thug sé faoi deara go raibh tábhacht ag baint le PÚI láidir a bheith agat ag tús an phróisis.

Cur Síos

Pléann comhordaitheoir teicneolaíochtaí digiteacha na scoile úsáid TFC don teagasc agus don fhoghlaim ag Scoil Chuimsitheach Naomh Clár. Tá clár bán idirghníomhach, amharcléiritheoir agus ríomhaire ag gach seomra ranga. Ba é an chéad chéim a glacadh ná bunú grúpa straitéise digití, múinteoirí deonacha a chuireann le feabhsú TFC na scoile. Tá múinteoirí ó leibhéil bhliana éagsúla agus réimse speisialtóirí ábhair sa ghrúpa. Tagann an grúpa le chéile gach sé seachtaine, ag féachaint ar a bhfuil ag tarlú sa scoil, ar réimsí príomhchúraim agus ar mhachnamh a dhéanamh ar fhadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn. Is é príomhghné de rath an ghrúpa ná a chinntiú go raibh naisc dhóthanacha Wifi agus Idirlín ag an scoil. Rinne an grúpa breithniú ar cad a bhí ag obair ag na scoileanna eile; ag aontú ‘Webwise’ a chur san áireamh agus doiciméid TFC a chruthú ar an néal fíorúil. Roghnaíodh ‘G Suite’ mar ardán ar líne toisc go raibh ríomhphoist ag daltaí cheana féin agus go raibh taithí ag múinteoirí ar Google Drive. Bhí roinnt múinteoirí ag baint úsáide as ardáin mhalartacha ar líne ach lig an t-athrú go dtí ceann amháin do níos mó oiliúint foirne tarlú mar go raibh gach múinteoir in ann leas a bhaint as an uas-sciliú sin. Bhí an gá le chromebooks riachtanach mar gur theastaigh ó mhúinteoirí go mbeadh rochtain ag mic léinn ar mhéarchlár iomlán agus iad ag foghlaim. Ceapadh comhairleoir SFGM ar an scoil chun tacú leo i rith an phróisis seo, ag roinnt smaointe agus dea-chleachtas. Ghlac na daltaí go maith leis an aistriú foghlama seo, ag baint leasa as an aiseolas láithreach is féidir a thabhairt, na deiseanna chun comhoibriú le piaraí agus úsáid fhoriomlán na teicneolaíochta chun foghlaim.

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu

Féach ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a bhaineann leis an ábhar seo a aimsiú.

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)

  • 2.1 Glacann daltaí páirt d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí foghlama fónta
    Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun faisnéis a aimsiú agus a mhalartú

Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.

Ceannaireacht agus Bainistíocht, Iar-bhunscoileanna

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.