Teicneolaíochtaí Digiteacha á n-úsáid le Tacú le Foghlaim na nDaltaí san Eacnamaíocht Bhaile
Achoimre ar an bhFíseán
Míníonn Múinteoir Eacnamaíocht Bhaile conas mar a dhéanann sí an teicneolaíocht a shníomh isteach ina cuid teagaisc agus a cuid pleanála. Pléann sí Google Classroom agus an tslí a leagann sé freagracht na foghlama ar na daltaí. Cabhraíonn sé seo léi aiseolas difreáilte a chur ar fáil do dhaltaí. Spreagann sí múinteoirí le tacú lena chéile trí úsáid a bhaint as pobail ar líne.
Cur Síos
Baineann rang eacnamaíochta baile an cúigiú bliain úsáid as TFC ina gcuid foghlama. D’fhreagair na daltaí ceist ar Mentimeter ag tús an cheachta ionas go raibh an múinteoir in ann tuiscint a fháil ar eolas reatha na ndaltaí ar ábhar na próitéine. Logáil daltaí isteach ina gcuntas Google Classroom, áit a bhfuair siad rochtain ar fhíseán ar an oideas don cheacht. Baineadh úsáid as cóid QR tríd an gceacht chun rochtain a fháil ar fhíseán an oidis ag aon phointe mar a bhí sé ag teastáil. D’úsáid an múinteoir Wizer.me chomh maith chun daltaí a cheistiú ag deireadh an cheachta ar a gcuid foghlama nua. D’úsáid na daltaí a ngléasanna féin sa cheacht seo chun grianghraif a ghlacadh dá ndul chun cinn an oidis. Cé go raibh an bia ag bácáil, rinne na daltaí tascanna scríofa agus d’uaslódáil siad a gcuid oibre ar thiomántán na scoile, ag úsáid an aip ‘My Drive’ a d’íoslódáil gach dalta ar a ngléas pearsanta. Leagann an múinteoir béim ar úsáid TFC i gceachtanna eacnamaíoch baile mar rud luachmhar, mar gheall ar an am a shábhálann sé chun measúnacht a chur i gcrích. Luann an múinteoir go bhfuil Mentimeter, Kahoot agus Splice úsáideach i measúnuithe ranga. Trí chuntas Twitter a bhunú, thug an múinteoir faoi deara gur féidir léi comhoibriú le múinteoirí eile agus smaointe agus dea-chleachtais a fháil ó dhaoine eile.
Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu
Féach ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a bhaineann leis an ábhar seo a aimsiú.
Creat don Fhoghlaim Dhigiteach
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):
Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)
- 2.1 Glacann daltaí páirt d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí foghlama fónta
Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun eolas a fháil, a mhalartú chun tuiscint a fhorbairt agus chun tacú le cruthú eolais bhunúsaigh.
Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.