TFC don mheastóireacht san Idirbhliain
Achoimre ar an bhFíseán
Agallamh le Múinteoir maidir leis an úsáid a bhaintear as ríomhphunanna san Idirbhliain. Baineann siad úsáid as réimse leathan aipeanna ar na táibléid acu i gcaitheamh na bliana chun a gcuid foghlama a thaifeadadh. Míníonn sé conas mar a dhéanann sé bainistiú ar na táibléid ina sheomra ranga agus tarraingíonn sé aird ar an tábhacht a bhaineann le polasaí scoile a chur i bhfeidhm.
Cur Síos
Pléann an múinteoir an úsáid a bhaintear as ríomhphunanna san Idirbhliain. Tá réimse aipeanna difriúla á n-úsáid ag na daltaí, ar iTunes U ceann acu agus is é seo an áit ar féidir le daltaí a gcuid foghlama a thaifeadadh agus a thaifeadadh. Luann an múinteoir an tábhacht a bhaineann le rochtain a bheith ag páistí ar an ábhar ar scoil agus sa bhaile, chun na hábhair is fearr is féidir a chruthú. Trí cháilíocht ard wifi a bheith acu ar scoil, cinntítear go dtugtar na deiseanna agus na huirlisí is fearr do dhaltaí chun a n-ábhar a fheabhsú. Tá rannpháirtíocht na mac léinn go maith mar go bhfuil siad ag baint taitnimh as úsáid na teicneolaíochta agus na dtáibléad dá bhfoghlaim, le leibhéal ard acmhainní ar fáil ar bharr a méar.
Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu
Plean don Fhoghlaim Dhigiteach a Fhorbairt do do Scoil – Leagan Gairid
Creat don Fhoghlaim Dhigiteach
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):
Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)
- 1 Glacann daltaí páirt d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí foghlama fónta
Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun eolas a fháil, a mhalartú chun tuiscint a fhorbairt agus chun tacú le cruthú eolais bhunúsaigh. - 3 Déanann daltaí machnamh ar a bhforás mar fhoghlaimeoirí agus forbraíonn siad mothú úinéireachta agus freagrachta as a gcuid foghlama
Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun eolas a bhailiú, chun a bhforás a thaifeadadh agus machnamh a dhéanamh air, agus chun a gcumas mar fhoghlaimeoirí féinstiúrtha a fhorbairt.
Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.