TFC i nGaelcholáiste Luimnigh
Achoimre ar an bhFíseán
Agallamh leis an bPríomhoide ar an turas a chuaigh a scoil ar aghaidh le TFC. Pléann sé an próiseas a lean siad chun táibléid a thabhairt don fhoireann agus do na daltaí ar fad. Míníonn sé na buntáistí a bhaineann a TFC ó thaobh na pleanála de don fhoireann agus don bhainistíocht agus an úsáid a bhaintear as coistí le tacú lena chéile.
Cur Síos
Pléann príomhoide meánscoile an TFC atá in úsáid sa scoil seo. Nuair a d’oscail an scoil ar dtús, bhí clár idirghníomhach agus ríomhaire ag gach rang. Bhraith na múinteoirí nach raibh na daltaí ag glacadh páirte gníomhaí i bhfoghlaim le TFC. Fuair an scoil táibléid, inar chaith múinteoirí am ag foghlaim conas iad a úsáid chun teagasc agus foghlaim a chur i gcrích. Tháinig méadú ar an leibhéal rannpháirtíochta sna ceachtanna mar gheall ar an úsáid a bhaineann daltaí as na táibléid don fhoghlaim agus rochtain na múinteoirí ar aipeanna le linn na gceachtanna. Thosaigh daltaí san idirbhliain ag úsáid táibléid amháin agus fuarthas réidh leis na téacsleabhair. D’eagraigh an scoil oíche eolais do thuismitheoirí na ndaltaí seo, ag míniú an chúis a bhí leis an gcinneadh seo agus na buntáistí a bhaineann leis. Thuig an scoil an tábhacht a bhaineann le Wifi láidir nuair a bhí sé ag dul i dtaithí ar an teagasc trí theicneolaíocht agus dá bhrí sin bhí gá leis an Wifi a láidriú. Tá sé mar aidhm ag an scoil an teagasc agus an fhoghlaim a chur in oiriúint chun úsáid táibléad i ngach ábhar a chur san áireamh. Nuair a bhí beartas na scoile á chruthú don teagasc agus don fhoghlaim trí TFC, bhí sé tábhachtach go n-áireodh an scoil smaointe agus ionchur na ndaltaí, na múinteoirí agus na dtuismitheoirí. Labhraíonn an príomhoide faoin tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht sa teicneolaíocht a dhéanamh go ciallmhar chun costais bhreise a sheachaint le haghaidh deisiúcháin fhéideartha.
Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu
Féach ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a bhaineann leis an ábhar seo a aimsiú.
Creat don Fhoghlaim Dhigiteach
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):
Teagasc & Foghlaim (1. Torthaí Foghlama)
- 4 Baineann daltaí na cuspóirí foghlama atá luaite amach don téarma agus don bhliain
Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)
- 3 Déanann daltaí machnamh ar a bhforás mar fhoghlaimeoirí agus forbraíonn siad mothú úinéireachta agus freagrachta as a gcuid foghlama
Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.