Skip to main content

TFC in úsáid san Oideachas Reiligiúnach

Forbhreathnú ar Fhíseán

Míníonn múinteoir Reiligiúin an tairbhe a bhaineann leis an teicneolaíocht ina cuid múinteoireachta. Pléann sé an úsáid a bhaintear as Schoology, Google Maps, Kahoot agus aip an Bhíobla. Baineann an rang úsáid as Keynote chun a gcuid oibre a chur i láthair. Míníonn sí go mbíonn an fhoireann ag obair go dlúth lena chéile le foghlaim faoin tslí is fearr le TFC a úsáid sa seomra ranga.

Cur Síos

Úsáideann múinteoir reiligiúin teicneolaíocht chun athbhreithniú a dhéanamh ar thopaicí ina rang 1d bhliana. Glacann na daltaí páirt i dtráth na gceist achoimre ar Schoology mar mhodh athbhreithnithe. Déanann na daltaí gníomhaíocht léarscáilithe ar Google Maps ansin, ag mapáil an turais a thóg Muire agus Seosamh. Míníonn an múinteoir an úsáid a bhaintear as Keynote agus as an aip Bible sa seomra ranga. Leagann an múinteoir béim ar an tábhacht a bhaineann le teicneolaíocht a úsáid chun leasa na ndaltaí agus ní ‘ar mhaithe le teicneolaíocht a úsáid’ amháin. Tá na daltaí ag foghlaim scileanna ginearálta saoil is féidir a chur i bhfeidhm ar fud an churaclaim. Comhoibríonn múinteoirí na scoile le chéile chun acmhainní a chruthú.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Digital Storytelling (Post Primary)

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí

Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)

  • 2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Online Resources, Planning/Digital Learning Framework

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.