Skip to main content

TFC sa rang Mata

Achoimre ar an bhFíseán

Míníonn múinteoir Matamaitice an tairbhe a bhaineann leis an teicneolaíocht ina cuid múinteoireachta. Pléann sí úsáid Geogebra agus conas mar a spreagann sé a cuid daltaí. Cuireann siad a gcuid oibre ar pháipéar i gcomparáid lena gcuid táibléad mar fhéinmheasúnú agus mar phiarmheasúnú. Pléann sí an úsáid a bhaintear as Google Docs do phleanáil taobh istigh den roinn.

Cur Síos

Pléann múinteoir matamaitice meánscoile conas a fheabhsaíonn úsáid TFC an fhoghlaim ina seomra ranga. Úsáideann na daltaí an aip ‘Geogebra’ chun grafadh agus suíomhanna gach ais a thuiscint. Is féidir le daltaí a ngraif a bhreacadh beagnach ar an aip chun foghlaim an ábhair a fheiceáil. Líonann na daltaí graf scríofa freisin, ina gcuireann siad a ngraf fíorúil i gcomparáid lena ngraf scríofa ina dhiaidh sin. Tugtar deis do dhaltaí féinmheasúnú agus piarmheasúnú a dhéanamh ar a gcuid oibre sa cheacht. Is féidir le daltaí na torthaí a phlé agus conas is féidir leo na fadhbanna a réiteach ar bhealach difriúil amach anseo. Níl Wifi de dhíth ar an aip ‘Geogebra’. Is féidir leis na ceachtanna leanúint ar aghaidh, fiú má tá fadhb leis an idirlíon sa scoil. Baineann múinteoirí sa scoil úsáid as Google Docs chun cáipéisí pleanála a roinnt laistigh de ranna ábhair. Sábhálann sé seo am d’fhoireann agus tá an deis acu straitéisí agus smaointe a fhoghlaim óna chéile.

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu

Aiseolas Measúnaithe agus Teicneolaíochtaí Digiteacha (Iar-bhunscoileanna).

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (1. Torthaí Foghlama)

  • 1.3 Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha ar bhealaí an-éifeachtach chun a gcuid eolas, scileanna agus tuiscint a fhorbairt i gcomhréir le cuspóirí ábhair, torthaí foghlama, scileanna agus coincheapa Churaclam na Bunscoile.

Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)

  • 2.1 Glacann daltaí páirt d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí foghlama fónta
    Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun eolas a fháil, a mhalartú chun tuiscint a fhorbairt agus chun tacú le cruthú eolais bhunúsaigh.

Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Online Resources, Planning/Digital Learning Framework

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.