TFC sa Seomra Ranga TIC – Cur in Aithne Digiteach
Forbhreathnú ar Fhíseán
Agallamh le Daltaí agus le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as TFC sna ranganna Teanga. Baineann siad úsáid as uirlis Glogster chun póstaer digiteach a chruthú fúthu féin. Baineann siad úsáid as cianmhicreafóin chun míreanna fuaime a chur leis an leathanach. Spreagann sé seo cleachtadh béil agus cluaise. Bíonn tairbhe le baint ag foghlaimeoirí éagsúla sa seomra ranga as.
Cur Síos
Míníonn daltaí na hIdirbhliana agus an múinteoir conas a úsáideann siad Glogster chun Fraincis a fhoghlaim. Cruthaíonn na daltaí a mblag féin dírithe orthu féin ag baint úsáid as Glogster. Déantar fuaim a thaifeadadh le SpeakEasy agus a uaslódáil chuig na suíomhanna gréasáin. Deir na daltaí go bhfuil sé an-tairbheach dóibh mar go bhfuil rud éigin óna bhfoghlaimíonn siad á dhéanamh acu agus go bhfuil siad ag cleachtadh don Bhéaltriail. Pléann an múinteoir conas a fhreastalaíonn an ghníomhaíocht seo ar stíleanna foghlama éagsúla an dalta.
Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu
Using Video to Enhance and Create Resources (Post Primary)
An Creat Foghlama Digití
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):
Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)
- 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.