Skip to main content

TFC sa Seomra Ranga TIC – Foghlaim dhifreáilte ag baint úsáid as acmhainní ar líne

TFC sa Seomra Ranga TIC – Foghlaim dhifreáilte ag baint úsáid as acmhainní ar líne

Forbhreathnú ar Fhíseán

Baineann múinteoir Spáinnise úsáid as an teicneolaíocht le cur leis an bhfoghlaim ina seomra ranga. Déanann an rang taifeadadh orthu féin ag caint agus déanann siad a gcuid taifeadtaí a mheas in éineacht leis an múinteoir. Bíonn siad rannpháirteach i mblag ar líne agus i réimse leathan suíomhanna idirlín. Cabhraíonn siad leis na daltaí measúnú a dhéanamh orthu féin agus tuiscint a fháil ar an méid a bhíonn le clúdach acu agus iad ag staidéar.

Cur Síos

Úsáideann an múinteoir Spáinnise taifeadtaí gutha chun scileanna labhartha agus éisteachta na ndaltaí a fhorbairt. Déanann na daltaí iad féin a thaifeadadh ag léamh píosa téacs agus faigheann siad aiseolas ón múinteoir. Bainistíonn an múinteoir an rang trí róil éagsúla a shannadh. Úsáideann daltaí nach bhfuil ag taifeadadh, blag ranga chun gníomhaíochtaí éagsúla a aimsiú chun dul ina mbun. Míníonn na daltaí conas a mheasann siad go bhfuil an ghníomhaíocht seo tairbheach mar go bhfuil sí spraíúil agus foghlaimíonn tú ó do bhotúin. Úsáideann na daltaí Voki freisin chun carachtair a chruthú agus fuaim a thaifeadadh dóibh. Spreagann an múinteoir daltaí chun Voki a úsáid le haghaidh foghraíochta chomh maith.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)

  • 2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.1 Tá an t-eolas ar an ábhar, an t-eolas oideolaíoch agus na scileanna bainistíochta ranga is gá ag an múinteoir

Úsáideann múinteoirí réimse teicneolaíochtaí digiteacha chun gníomhaíochtaí foghlama agus measúnaithe a dhearadh dá ndaltaí.

Déanann múinteoirí eispéiris foghlama a dhearadh nó a chur in oiriúint ina gcuimsítear teicneolaíochtaí digiteacha agus ina mbíonn na gníomhaíochtaí foghlama idir ábhartha agus bhríoch chun tacú le foghlaim na ndaltaí.

Nuair a bhaineann múinteoirí úsáid as gníomhaíochtaí foghlama digití, déanann siad measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin agus déanann siad athbhreithniú ar a gcuid straitéisí teagaisc dá réir sin.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Online Resources

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.