Tionscnamh Stop Motion i mBunscoil
Forbhreathnú ar Fhíseán
Déanann múinteoir rang 4 cur síos ar an gcaoi a úsáideann sé teicneolaíocht le haghaidh obair thionscadail. Úsáideann na páistí netbooks agus iPads le haghaidh taighde. Úsáidtear an aip Stop Motion le haghaidh beochana. Pleanáil, scriptiú, scannánú, obair ealaíne agus eagarthóireacht a bhí i gceist leis seo. Déantar na tionscadail a uaslódáil ansin ar Dropbox agus cuirtear iad i láthair ar an gclár bán idirghníomhach.
Cur Síos
Daltaí rang a 4 ag críochnú tionscadail ar na Lochlannaigh ag úsáid iPadanna agus Stop Motion. Rinne na daltaí taighde ar eolas ar NetBooks na scoile agus chruthaigh siad póstaer. Ansin d’úsáid siad an t-eolas ón bpóstaer chun físeáin a chruthú chun a dtorthaí a chur i láthair. Ansin thaispeáin na grúpaí a bhfíseáin don rang.
Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu
Assessment Feedback and Digital Technologies (Primary)
Físeáin Teagaisc
An Creat Foghlama Digití
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):
Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)
- 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)
- 2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche
Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.