Uirlisí Digiteacha le Teangacha Iasachta na Linne seo a fhoghlaim (MFL)
Achoimre ar an bhFíseán
Déanann Múinteoir Vicky Bouché ó Scoil Cailíní Chríost Rí achoimre ar an gcaoi ina n-úsáideann sí uirlisí digiteacha chun daltaí a spreagadh chun foghlama ina rang Fraincise agus conas is féidir le múinteoirí iad a chur chun fónaimh nuair atá measúnú ar siúl acu nó aiseolas á thabhairt dá gcuid daltaí.
Cur Síos
Déanann Vicky achoimre ar na huirlisí digiteacha éagsúla a úsáideann sí chun an Fhraincís a mhúineadh. Tugtar léargas ar an gcaoi inar féidir Mentimeter a úsáid chun eolas na ndaltaí ar na hábhair roimh ré a thomhas go hanaithnid. Tugann sí achoimre ar conas Quizlet a úsáid le daltaí a chur i mbun foghlaim chomhoibríoch agus Blooket a úsáid chun iad a ghríosadh chun foghlama trí é a dhéanamh iomaíoch. D’fhonn cleachtadh a dhéanamh, baineann na daltaí leas ar uirlis darb ainm Vocaroo chun iad féin a thaifeadadh i mbun cainte agus tugtar aiseolas air seo i dtaca le fuaimniú de agus na hamanna inar labhair siad mar a labhródh cainteoir dúchais. Cuireann an córas seo ar chumas an mhúinteora aiseolas ó bhéal a thabhairt. Is é an chaoi ina n-úsáidtear an uirlis dhigiteach sa seomra ranga ná go léann na daltaí an cheist nó an abairt roghnaithe agus go n-úsáideann siad a gclár bán féin le hí a aistriú. Má bhaintear leas as Google Forms is féidir le múinteoirí measúnú a dhéanamh (i bhfoirm ‘Ticéad Imeachta’) ag deireadh an cheachta.
Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu
Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne le teacht ar chúrsaí bainteach leis an ábhar seo.
Físeáin teagaisc
Taispeánfaidh na físeáin ghearra teagaisc seo a leanas duit conas aipeanna a úsáid atá le feiceáil san fhíseán:
Creat don Fhoghlaim Dhigiteach
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):
Teagasc & Foghlaim (1 Torthaí an Fhoghlaimeora)
1.1 Ráiteas: Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun rannpháirtíocht ghníomhach, chruthaitheach agus chriticiúil a chothú chun torthaí foghlama dúshlánacha a bhaint amach.
2.3 Déanann daltaí machnamh ar an ndul chun cinn atá déanta acu mar fhoghlaimeoirí agus cuireann sé seo ina luí orthu go bhfuil a gcuid foghlama faoina stiúir féin agus gurb iadsan atá freagrach aisti.
Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)
2.1 Caighdeán: Tá údar ag daltaí agus gníomhaíochtaí foghlama fónta ar siúl acu.
Baineann daltaí leas as teicneolaíochtaí digiteacha le teacht ar eolas agus le hé a mhalartú lena chéile d’fhonn cur lena dtuiscint agus le go mbeidh na huirlisí céanna mar thaca le buneolas a chruthú.
2.3 Baineann daltaí leas as teicneolaíochtaí digiteacha chun a n-inniúlacht mar fhoghlaimeoirí neamhspleácha, féinstiúrtha a fhorbairt ar bhonn cruthaitheach criticiúil agus iad in ann dá réir spriocanna fónta a shocrú dóibh féin i leith an fhoghlaim a dhéanfaidh siad amach anseo.
Cleachtas Múinteoirí Ar Bhonn Aonair
3.1 Caighdeán: Tá an t-eolas is gá ar an ábhar ag an múinteoir, chomh maith leis an eolas oideolaíoch agus na scileanna bainistíochta seomra ranga cuí
- Baineann múinteoirí leas as teicneolaíochtaí digiteacha éagsúla chun deiseanna nua a dhearadh le dul i mbun foghlamtha, teagaisc agus chun measúnacht a dhéanamh.
- Léiríonn múinteoirí ardleibhéal teagaisc, eolais agus scileanna agus leas á bhaint acu as teicneolaíochtaí digiteacha chun tacú le cumas cruthaitheachta, nuálaíochta agus chruthú eolais na ndaltaí.
- Agus machnamh criticiúil á dhéanamh acu orthu, baineann múinteoirí triail as réimse gníomhaíochtaí foghlama digiteacha fad is atá measúnú á dhéanamh acu de shíor ar a éifeachtaí is atá siad agus a straitéisí teagaisc á mbeachtú dá réir.
3.2 Le foghlaim na ndaltaí a chur chun cinn, roghnaíonn an múinteoir cleachtais phleanála, ullmhaithe, agus mheasúnaithe agus cuireann siad i ngníomh iad.
- Baineann na múinteoirí leas as teicneolaíochtaí digiteacha mar thaca le tabhairt faoi fhoghlaim dhifreálach, rud a chuireann ar chumas foghlaimeoirí úinéireacht a ghlacadh ar a gcuid riachtanas foghlama aonair.
- Baineann na múinteoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha cuí ar mhaithe le cuidiú leis na daltaí tionscadail agus gníomhaíochtaí a dhearadh ina mbíonn siad i mbun fadhbréiteach comhoibríoch, taighde, agus/nó cruthú ealaíne.
- Baineann múinteoirí leas as teicneolaíochtaí digiteacha mar chabhair le measúnú a dhéanamh níos ábhartha agus níos trédhearcaí do dhaltaí agus do thuismitheoirí, le cur ar a gcumas ar an gcaoi sin roghanna níos críonna a dhéanamh i dtaobh na ngnéithe ar cheart tús áite a thabhairt san fhoghlaim amach anseo.
- Chomh maith le hiad a dhearadh, baineann múinteoirí leas as teicneolaíochtaí digiteacha éagsúla le measúnú a dhéanamh ar fhoghlaim agus measúnú mar shlí chun foghlama. Agus iad i mbun seo, déanann siad a gcuid bailíochta agus iontaofachta a mheas go rialta.
Téigh chuigPleanáil FD le breis eolais a fháil faoi na réimsí eile den CFD a chíortar san fhíseán seo, agus mar chabhair duit do chuid foghlama digití féin a phleanáil sa seomra ranga.