Úsáid a bhaint as amharcléiritheoir i seomra ranga bunscoile
Achoimre ar an bhFíseán
Taispeánann múinteoir rang 4 na bealaí éagsúla a úsáideann sé an t-amharcléiritheoir mar chuid dá mhúinteoireacht mata lena rang a 4. Cuireann na daltaí a gcuid oibre féin i láthair os comhair an ranga agus úsáid á baint acu as an amharcléiritheoir agus déanann an múinteoir taifeadadh air féin agus suimeanna á gcur i gcrích aige, ar féidir é a sheinnt arís agus arís eile.
Cur Síos
D’fhéach páistí i rang a 4 ar an ábhar maidir le slánú i gceacht matamaitice. D’úsáid an múinteoir amharcléiritheoir chun leagan amach na n-uimhreacha a léiriú do na páistí, ag léiriú cad a bhí ag súil aige/aici agus na bealaí is fearr é a dhéanamh. Tugann úsáid amharcléiritheora sna ceachtanna deis do pháistí a gcuid oibre a roinnt lena bpiaraí ar scála níos mó, ag spreagadh féinmheasúnaithe, piarmheasúnaithe agus measúnú ranga ina iomláine. Tá gné taifeadta ag an amharcléiritheoir, rud a ligeann don mhúinteoir taifead a dhéanamh ar a bhfuil á ghabháil agus é a chasadh arís is arís, ag léiriú an taisc ionas go n-oibríonn na páistí go neamhspleách.
Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu
Féach ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a bhaineann leis an ábhar seo a aimsiú.
Creat don Fhoghlaim Dhigiteach
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):
Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)
- 2 Fásann daltaí mar fhoghlaimeoirí trí idirghníomhaíochtaí agus eispéiris mheasúla atá dúshlánach agus tacúil.
Teagasc & Foghlaim (3. Cleachtas Ar Leith na Múinteoirí
- 1 Tá an t-eolas riachtanach ar an ábhar, eolas oideolaíoch agus scileanna bainistíochta seomra ranga ag an múinteoir.
- 3 Roghnaíonn agus úsáideann an múinteoir modhanna teagaisc a n-oireann don chuspóir foghlama agus do riachtanais foghlama na ndaltaí
Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.