Usáid Suíomh Leighleat le haghaidh Fónaic
Forbhreathnú ar Fhíseán
Déanann beirt mhúinteoir naíonáin cur síos ar an gcaoi a úsáideann siad acmhainní ar líne agus iPads chun fónaic agus mata a mhúineadh. Múintear ceachtanna fónaice le húsáid a bhaint as www.Leighleat.com, atá bunaithe ar an gclár fónaice agus is féidir gach scoil é a úsáid. C.J. Baintear úsáid as leabhair dhigiteacha Fallon le haghaidh gníomhaíochtaí mata.
Cur Síos
Déanann beirt mhúinteoirí plé ar an gcaoi a n-úsáideann siad TFC i múinteoireacht i nGaelScoil. Úsáideann an múinteoir Leighleat.com chun na fónaic a mhúineadh. Sa suíomh gréasáin tá amhráin, cluichí agus gníomhartha a bhaineann le gach litir. Tá sé dathannach, spraíúil agus mealltach don rang. Ag tús an cheachta úsáidtear póstaeir chun A a chur i láthair. Ansin, téann scoláirí chuig an gclár bán inar féidir leo amhrán a fhoghlaim, féachaint ar na híomhánna agus BIONGÓ a imirt. Úsáidtear an clár bán idirghníomhach chun ‘cé acu an ceann corr’ a imirt leis na focail dar tús A. Úsáidtear an clár mar aon le Fónaic & Rann. Úsáideann múinteoir eile CJ Fallon ar an gclár cliste agus cuireann an múinteoir iPads i láthair sa dara téarma.
Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu
Creating Podcasts for the Primary Language Curriculum
An Creat Foghlama Digití
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):
Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)
- 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)
- 2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche
Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.